IONAD TEAGHLAIGH.
Tá Coiste Gaeloideachais Chromghlinn, bunaithe 2011, agus iad ag obair go dian le tacú le pobal Gaeilge atá faoi fhorbairt agus faoi fhás i mBaile na Croighmlinne ar bhruach Loch Neathach in Aontroim Theas. Cosúil le cuid mhaith Bailte eile, tá naíscolaíocht agus bunscolaíocht lán-Ghaeilge ann a chruthaíonn nasc idir an Ghaeilge, teaghlaigh áitiúla agus an pobal. D'oscail CGC Ionad Teaghlach Ghleann Darach i Mí na Bealtaine 2015 le riar ar cheantar iomlán Aontroma Theas. I mbliana d’éirigh go mór leis an Ionad ag soláthar meascáin ranganna Gaeilge le rachairt mhór go fóill ar na ranganna damhsa agus cheoil. Tá céad agus nocha ag freastail ar na himeachtaí éagsúla go seachtainiúil mar chlár s’acu. Bhí Coiste Gaeloideachais Chromghlinne lárnach agus d’éirigh thar barr leis na himeachtaí móra pobail sa bhaile seo i rith na bliana, mar gheall ar an ról a bhí ag an eagraíocht seo. Tá lúcháir an tsaoil ar Bhord Chiste Infheistíochta na Gaeilge gurb ann don tógra seo mar níl a leithéid eile d'fhorbairt Ghaeilge sa cheantar ar fad.
INFHEISTÍOCHT £750,000
Ionad Teaghlaigh Lán-Ghaeilge Chromghlinne
2015
Contae Aontroma