An Ciste
Infheistíochta
GaeilgE
– AG TREISIÚ LE TÓGÁIL NA GAEILGE
Is ciste forbartha caipitil é An Ciste Infheistíochta Gaeilge (An Ciste).
Bunaíodh Ciste Infheistíochta na Gaeilge (An Ciste) i 2010 i ndiaidh caibidlí Chromghlinne, nuair a d’éirigh leis an Teachta Parlaiminte Gearóid Ádhaimh £8m a fháil ó Rialtas na Breataine. An fheidhm a sannadh dó ná tacú le forbairt pobail Ghaeilge. Go príomha, ba é ról An Chiste ná cuidiú le mórthionscadail chaipitiúla bonneagair a dhéanfadh freastal ar riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha na bpobal Gaeilge. Ó bhí 2010 ann, tá ról lárnach ag An Ciste Infheistíochta Gaeilge, i gcomhpháirt le réimse foras poiblí, ag freastal ar riachtanais earnála Gaeilge atá ag fás as cuimse. Bhí ionchur An Chiste an-tábhachtach i gcur i gcrích líon mor éagsúil de thionscadail infheistíochta pobail go dtí seo. Is aitheantas é do rath An Chiste sa réimse seo go bhfuil maoiniú Céim a Dó anois cinntithe mar chuid de Chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Ar an ócáid seo, fuair an Chéad-Aire Michelle Ó Néill £4m ó Rialtas na Breataine. Ina dhiaidh sin, rinne Rialtas na hÉireann maoiniú meaitseála ar an £4m seo nuair a chuir an tAire don Ghaeltacht, Dara Calleary, €4.8m ar fáil ó Thionscnamh um Oileán Comhroinnte i mí an Mhárta 2026.
Comh-mhaoinitheoirí éagsúla do na tionscadail thuas luaite.
































