Bord Stiúrthóirí.

Larry McCurry (Cathaoirleach)

Ba léachtóir sinsearach é Larry McCurry ar Bhainistiu Oibríochtaí agus Athruithe I Roinn an Ghnó Idirnáisiúnta in Ollscoil Uladh, i gColáiste Mhic Aoidh ó 1994 go dtí gur éirigh sé as i 2016. Tá sé ag léachtóireacht go pairt-aimsireach ó shin le Ollscoil Uladh agus le Ollscoil Aberdeen in Aberdeen agus Qatar. Bhí dlúthbhaint aige le soláthar cúrsa Maistireach trasteorann i mBainistiú Nuala sna Seirbhísí Poiblí.

Ar Ollscoil Uladh a bhain an t-Uasal McCurry bunchéim agus céim na máistireachta sa Ghnó amach. Bhí taithí 15 bliain aige ar an tionsclaíocht mar bhainisteoir sinsearach le comhlachtaí idirnáisiúnta de chuid na Stait Aontaithe mar AT&T agus Bose HiFi Products.

D’obair Larry ag Gael Linn blianta fada ó shin sa Rannóg dhianteagaisc theanga, Foras na Gaeilge. D’eagraigh sé dianchúrsaí áitiúla agus cúrsaí samhraidh Gaeilge i mBaile Bhúirne, iarthar Chorcaigh agus i Machaire Rabhartaigh I dTír Chonaill. Is i dTír Chonaill a casadh Bríd air agus phós siad. Tá siad ina gcónaí ansin o bhí 1981 ann agus tá beirt clainne orthú, Cathal agus Maria.

Rosaleen McCorley (Císteoir)

Ar na cáilíochtaí atá bainte amach ag Rosie McCorley, tá céim den chéad ghrád le honóracha sna hEolaíochtaí Sóisialta as an Ollscoil Oscailte, Dioplóma sa Ghaeilge as Ollscoil Uladh agus Dioplóma Iarchéime i Léann an Aistriúcháin sa Nua-Ghaeilge as Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Thar na blianta is déanaí, chaith sí 5 acu mar chomhairleoir polaitíochta le Sinn Féin, 4 bhliain ina ball neamhspleách de chuid Bhord Páirtnéireachta Póilíneachta Iarthar Bhéal Feirste agus 4 bhliain mar Bhall Tionóil Tuaisceart Éireann de chuid Sinn Féin. I ndiaidh sin, ghlac sí ról leis an Iontaobhas Forbartha Uachtar Cluanaí mar bhainisteor an Ionad Maireachtála Folláine.

Bhí baint mhór ag Rosie ar feadh na mblianta leis an obair a rinneadh le Naíscoil an Traonaigh agus le Bunscoil an Traonaigh a bhunú agus a bhuanú i Lios na Scéithe, Contae Fhear Manach. Chuaigh sí amach ar pinsean i 2022 agus anois, i measc rudaí eile, bíonn caidreamh aici le Raidió Fáilte ar bhonn deonach.

Niall Ó Catháin (Rúnaí)

Niall is a Chartered Surveyor and has a Masters Degree in Urban Land Appraisal from the University of Reading and specialises in Investment & Development Appraisal and Project Management.  Niall is a Director / Shareholder of Fermac Properties Ltd, a successful local construction and development company.  Niall has over 25 years of experience managing projects in the construction and development sector. During this time, Niall managed development projects to the value of over £40 million. These included major commercial, institutional, and residential schemes.

Niall has a keen interest in the development of the voluntary sector and has been involved in Coiste Forbartha Charn Tóchair, a rural community association based in Sleacht Néill, Maghera, which has been instrumental in reviving the Irish language within a rural community.  Niall has been involved in the promotion of the Irish Language for the past 15 years and was involved in establishing 2 Irish Language Nursery Schools and 1 Irish Language Primary School in the Maghera area. He is on the Board of Comhairle na Gaelascolaíochta and is Chairperson of the Governors of Gaelcholaiste Doire.

Dolores O Reilly (Stiúrthóir)

Professor Dolores O’Reilly was the Professor of International Business Strategy at the University of Ulster, Magee College. She was appointed as head of the newly-created International Business School at Magee in 1999 and in July 2000 became executive director of the Northern Ireland Centre for Electro Business (NICEB). A graduate of Queen's University of Belfast, the University of Ulster and University of Surrey, she was Chairman of the Air Transport Users Council (ATUC), of the Chambers of Ireland and a member of the European Commission's Federation of Air Transport User Representatives Europe (FATURE). Prof O'Reilly has written extensively in the area of liberalisation, deregulation and competition in European and US air transport. She is a former board member of Independent News and Media  (Northern Ireland).

Maria Nic Fhearchair (Stiúrthóir)

Is as Coilleach Eanach i nDeisceart Ard Mhacha  í Maria Nic Fhearchair agus tá baint nach beag aici le forbairt na Gaeilge sa cheantar.  Bhunaigh sí grúpa áitiúil darbh ainm An Chrannóg chun cultúr, ceol agus teanga a chur chun cinn. Ar Bhunscoil an Iúir, Iúr Cinn Trá, a bhí sí ina príomhoide le níos mó ná fiche bliain agus tá sí mar bhall de chumann Naomh Pádraig de chuid Chumann Lúthchleas Gael, a cumann áitiúil. Tá baint fosta aici le Buíon Cheoil Phádraig agus eagraíonn sí cúrsaí áitiúla ar choláiste samhraidh do pháistí bunscolaíochta.

Páid Ó Maolagáin (Stiúrthóir)

Is plástraeir é mar cheird agus de bhrí seo tá seantaithí aige i dtionscal na tógála ach leis na blianta anuas bíonn sé ag obair mar chúramóir.

Tá suim an-mhór aige sa Ghaeilge agus tá sé bainteach leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gContae Fhear Manach.  Faoi láthair, tá sé ina rúnaí le craobh áitiúil  de Chomhaltas Uladh, (Conradh na Gaeilge) darb ainm Tús Nua.

Bhí ról lárnach aige ar an choiste a bunadh Naíscoil an Traonaigh agus Bunscoil an Traonaigh i Lios na Scéithe, Co Fhear Manach.  Agus tá se ina 'iontaobhaí leis na scoile go fóill.

Caoimhín Mac Giolla Mhín (Príomhfheidhmeannach)

Ó d’fhág Caoimhín an scoil, bhí baint aige le tionscadail fhorbairt phobail agus ó d’fhág sé an ollscoil i 1997, bhí sé fostaithe go gníomhach i mbainistiú agus i dtiomáint in Iarthar Bhéal Feirste. Le linn an ama sin, chruinnigh sé a lán taithí ar earnáil an phobail, ag obair trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge araon. Tá taithí nach beag aige ar Fhorbairt Eacnamaíoch. Tá B.Sc (le hOnóracha) bainte amach aige in Estate Management agus Dioplóma in Industrial Studies agus dhírigh sé staidéar ar fhorbairt talaimh agus na gnóithe a bhaineann le hAthnuachan; cuir san áireamh anseo luach talaimh, reachtaíocht phleanála agus tionchar eacnamaíoch a bhíonn le forbairt talaimh.

Chaith Caoimhín tamaill ag obair i gComhairle na Cathrach, Béal Feirste ar thionscnaíochtaí eacnamaíoch sular thoghadh é mar Chomhairleoir Sinn Féin in Iarthar Bhéal Feirste. Chaith sé sé bhliain ag cur le taithí s’aige mar ionadaí tofa. Tá Caoimhín fostaithe le Ciste ó 2010 nuair a bunaíodh iad agus ó shin bhí ról lárnach aige leis an fhás suntasach i dtógraí caipitil i bpobal na Gaeilge ar fud na sé chontae ag obair go díograiseach leis na grúpaí Gaeilge uilig agus le maoinítheoirí éagsúla ag leibhéal sinsearach an rialtais. Bhí ról ceannais aige, le treoir ó Bhord s’aige, maoiniúcaipitil a sholáthar do bhreis agus tríocha togra caipitil straitéiseach Gaeilge sa Tuaisceart agus infheistíocht de bhréis agus £20m déanta acu imbonneagar an phobail. Is maith le Caoimhín bheith ag taisteal, ag rothaíocht agus ag tomadóireacht scúba. Is ball Boird é Caoimhín ar Fhoras na Gaeilge ó 2020.

GEARÓID Ó hÉARA (PROGRAMME DIRECTOR)

Is gniomhaí Gaeilge Gearóid (Gerry) Ó hEara, ó Dhoire, áit a raibh sé ina phríomhfheidhmeannach ins An Gaelaras, eagraíocht chlúiteach atá lonnaithe ins an ionad Ealaine agus Cultúr, Cultúrlann Uí Chanáin. Bhi baint ag Gearóíd le bunú Gaelscoileanna agus naíscoileanna I nDoire ins na hoctoidí agus tá sé ina Iontaobhaí de chuid Gaelscoil Éadán Mhóir i dTaobh an Bhogaidh. Bhunaigh sé Craobh de chuid Conradh na Gaeilge in 1983 agus tá sé gníomhach ins an athbheochán ag leibheal áitiúil, réigeanda agus naisiúnta ó shin. Tá Gearóid ina bhall de Sinn Féin le daichead bliain anuas ag freastáil mar Chathaoirleach sa tuaisceart ar feadh ocht mbliain agus ina shuígh ar an Ard Chomhairle, ar feadh fiche bliain. Bhí sé ina bhall den Fhoireann Comhchainteanna Shinn Féin i rith an próiséas síochána a chríochnaigh le síniú Comhaontú Aoine an Chnéasta in 1998.

Bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Dhoire ar feadh sé bhliain déag agus mar Mhéara in 2004-2005. Shuigh sé ar Bhord Foras na Gaeilge ar feadh sé bhliain agus ar Bhord An Chomhairle Ealaine don Tuaisceart, Bord Oideachais don Iarthar, Bord Póilíneachta an Tuaiscirt agus Bord Prómhaidh an Tuaiscirt. Bhí sé ar cheann de na bhunaitheoirí Ciste Infheistiocht Gaeilge agus tá sé ag feidhmniú go fóill mar Stiúrthóir Scéime ag obair le Oifigigh Forbartha Ghnó trasna an tuaisceart.

en_USEnglish