ÁR PHRÓISEAS MAOINITHE.

Cúlra

Is ciste forbartha caipitil é An Ciste Infheistíochta Gaeilge (An Ciste).

Ní thabharfar deontais níos mó ná 50% de chostais an Tionscadail nó £250,000 an t-iarratasóir (gach costas san áireamh).

IARRATAIS A BHAINT AMACH:

Ní amharcfaidh An Ciste ach ar iarratais ó eagraíochtaí san earnáil dheonach agus pobail, ag a bhfuil bunreacht Gaeilge, stádas carthanachta (nó stádas carthanachta ar feitheamh) agus cuntas teiste cruthaithe de chur chun cinn na Gaeilge. I measc na dtionscadal caipitil ar gá dóibh riachtanas nó deis a chomhlíonadh agus a chaithfear a sholáthar trí mheán na Gaeilge, tá:

⦁ Tionscadail Ealaíon agus Cultúir.
⦁ Ionaid Ghaeilge do Theaghlaigh.
⦁ Áiseanna Cultúrlainne.
⦁ Tionscadail forbartha pobail.

Ní féidir leis An Chiste ach Costais Chaipitil Tionscadail a mhaoiniú agus ní féidir leo costais oibríochta ná costais reatha ar bith a mhaoiniú. Tabharfar tús áite do thionscadail chaipitil ar féidir leo inmharthanacht fhadtéarmach a léiriú agus cistí caipitil agus oibríochta a mhealladh ó réimse foinsí eile.

Caithfidh tionscadail na nithe seo a leanas a léiriú;

⦁ Comhpháirtíocht agus comhoibriú: - le grúpaí/comhlachtaí eile Gaeilge ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
⦁ Forbairt Chultúrtha: - cur chun cinn na Gaeilge agus dul chun cinn cultúrtha agus sóisialta na teanga.
⦁ Ionchuimsitheacht: - cur chun cinn an chomhionannais deiseanna.
⦁ Giaráil: - an cumas chun acmhainneacht tiomsaithe airgid eile agus maoiniú caipitil ó ghníomhaireachtaí eile a uasmhéadú.
⦁ Comhlántacht:- cinnte a dhéanamh de nach ndéanfaidh tograí aithris ar sholáthar atá ann cheana féin i gceantar ar leith, agus nach gcuirfear iad in áit an tsoláthair sin, ná an soláthar a chur as áit.
⦁ Inbhuanaitheacht: - a bheith bainte le gníomhaíochtaí agus tionscnaimh fhadtéarmacha a chuireann le hinbhuanaitheacht shóisialta agus gheilleagrach, cruthú fostaíochta san áireamh.

Aithníonn An Ciste nach mbeidh gach tionscadal inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ó ioncam an tionscadail amháin agus beidh tiomsú airgid de dhíth ar chuid acu ó fhoinsí eile. I gcásanna mar seo, beidh ar iarratasóirí a léiriú go bhfuil an cumas acu na costais oibríochta a bheas de dhíth a bhailiú lena dtionscadal a dhéanamh inbhuanaitheach go fadtéarmach. 

Na rudaí is féidir linn a mhaoiniú:

⦁ Costais cheannaigh an tsuímh (má bhíonn pacáiste maoinithe in áit leis an fhorbairt a dhéanamh)
⦁ Costais tógála fá choinne foirgneamh nua
⦁ Costais athchóirithe
⦁ Costais réamhthógála, lena bhféadfaí a áireamh m.sh, Táillí gairmiúla agus foirne deartha.
⦁ Amharcfar ar chostais ghairmiúla ghaolmhara neamh-chúlghabhálacha mar chuid den iarratas iomlán.

Ní mhaoineoidh muid píosaí trealaimh nach mbaineann go díreach le costais athchóirithe / tógála.

Moltar d’iarratasóirí an dóigh ar fhiosraigh siad gach foinse maoinithe dá dtionscadal ar leith a phlé agus a léiriú. Ar an dóigh seo is féidir an maoiniú atá ar fáil ón Chiste a uasmhéadú chun maoiniú eile tábhachtach a ghiaráil d’earnáil na Gaeilge.

Ba chóir d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh leis An Chiste roimh ré le plé a dhéanamh ar fhoinsí féideartha eile fá choinne maoiniú dá smaointe tionscadail sula gcuirfidh siad iarratas iomlán isteach.
Ní amharcfaidh An Ciste ar iarratais ach ó eagraíochtaí san earnáil dheonach agus pobail, ag a bhfuil cuntas teiste cruthaithe de chur chun cinn na Gaeilge.

IARRATASÓIRÍ NEAMH-INCHÁILITHE:

Ní mhaoineoidh An Ciste tionscadail atá, dar leo, ina bhfreagracht reachtúil don rialtas áitiúil nó lárnach.

I measc na n-iarratasóirí neamh-incháilithe tá;

⦁ Gnólachtaí Príobháideacha
⦁ Institiúidí Oideachais
⦁ Scoileanna
⦁ Daoine Aonair
⦁ Grúpaí nach bhfuil doiciméad rialaithe acu a chuireann an Ghaeilge chun cinn GO PRÍOMHA agus cuntas teiste fadtéarmach cruthaithe de chur chun cinn na Gaeilge.

* Ní smaoineoidh An Ciste ar iarratasóirí tríú páirtí ná ar iarratais ó chuibhreannais.

TIONSCADAIL NEAMH-INCHÁILITHE:

⦁ Tionscadail a chruthaíonn díláithriú eacnamaíoch
⦁ Tionscadail chaipitil nuair nach bhfuil an Ghaeilge lárnach in éiteas na heagraíochta agus úsáid an fhoirgnimh.
⦁ Maoiniú cúlghabhálach
⦁ Miondíol & Tráchtáil (ach amháin mar chuid de thionscnaimh atá bainte leis an scéim athnuachana a ghineann ioncam)
⦁ Tithe cónaithe príobháideacha
⦁ Tionscadail a bhfuil drochthionchair acu ar an chomhshaol
⦁ Cumainn Óige neamhspleácha agus Áiseanna don Aos Óg atá maoinithe ag an ÚO.
⦁ Tionscadail a bhaineann GO PRÍOMHA le hoidhreacht nó caomhnú.
⦁ Tionscadail atá faoi chúram na Roinne Oideachais agus / nó Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta GO PRÍOMHA agus / nó eagraíochtaí eile a mhaoiníonn an Ghaeilge.

Seans go rachaidh An Ciste i dteagmháil le Rannta Rialtais agus comhlachtaí eile cistiúcháin le plé a dhéanamh ar bhailíocht na n-iarratas atá curtha isteach.

Tá An Ciste ag iarraidh a bpróiseas cinnteoireachta a dhéanamh chomh trédhearcach agus is féidir agus leag siad amach réimse critéar a measfar gach tionscadal ina leith. Cuideoidh sé seo le hiarratasóirí aghaidh a thabhairt ar chritéar áirithe ina bhfoirm iarratais.

Mar réamhriachtanas, caithfear a léiriú i ngach iarratas go bhfuil gá/deis ann agus tacaíocht don tionscadal i gceantar críochnúil. 

Beidh cinnteoireacht bunaithe ar mheasúnacht An Chiste ar na critéir seo a leanas. Léirítear fosta an t-ualú a bhaineann le gach ceann de na critéir seo agus an tionscadal iomlán á mheas:

  • Caighdeán na n-Aschur um Chur Chun Cinn na Teanga sa tionscadal agus líon na nGaeilgeoirí/na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a bhainfidh leas as - 30% den scór iomlán.
  • Inbhuanaitheacht fhadtéarmach an tionscadail, líon agus caighdeán na bpost inbhuanaithe a chruthófar do Ghaeilgeoirí san áireamh - 30% den scór iomlán.
  • Cost-éifeachtúlacht a bhaineann le giaráil/maoiniú breise comhardaithe don tionscadal ó fhoinsí eile - 15% den scór iomlán.
  • Inseachadtacht agus caighdeán bainistithe an tionscadail (margaíocht agus bainistíocht riosca srl.) 15% den scór iomlán
  • Leibhéal an chomhoibrithe le daoine aonair, gnólachtaí agus eagraíochtaí eile in earnáil na Gaeilge - 10% den scór iomlán.

AN DÓIGH LE HIARRATAS A DHÉANAMH:

Caithfidh iarratasóirí foirm léirithe spéise a chur isteach ar dtús sula ndéanann siad iarratas iomlán. I ndiaidh duit foirm léirithe spéise a chur isteach, rachaidh fostaí de chuid An Chiste i dteagmháil leat leis an tionscadal a phlé agus comhairle is cuidiú a thabhairt maidir leis an iarratas iomlán a chomhlánú. Níl cead stocaireacht dhíreach a dhéanamh le comhaltaí boird An Chiste.

Íoslódáil foirmeacha thíos:

Íoslódáil treoirlínte (Béarla)
Íoslódáil treoirlínte (Gaeilge)
Íoslódáil an fhoirm cur i láthair spéise
Íoslódáil an fhoirm iarratais iomlán

Maidir le measúnacht ar an iarratas, is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an bhoird.

Cuir Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe chuig:

An Ciste Infheistíochta Gaeilge,
Cultúrlann Uí Chanáin,
37 Mórshráid Shéamais,
Doire,
BT48 7DF.

Déanfar iarratais a mheas, nuair is féidir, taobh istigh de thrí mhí má chuirtear an fhaisnéis ar fad isteach.

en_USEnglish