CUMANN CULTÚRTHA MHIC REACHTAIN.
Tá forbairt suntasach déanta ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ó osclaíodh Áras Mhic Reachtain. Tháinig breis is 15,000 duine fríd na doirse ó oscailt oifigiúl s’acu. Bhí siad ábalta a gcuid ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, dianchúrsaí, club óige do dhéagóirí, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile Gaeilge a reáchtáil faoi aon díon amháin. Ní amháin sin, ó shin, bhí Scoil Samhraidh Mhic Reachtain go hiomlán acu in a bhfoirgneamh féin. Bhí rath agus bláth ar an Scoil Samhraidh anuraidh le níos mó na 6,500 duine ag glacadh páirt sna ranganna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí cultúrtha ann. Bíonn clár imeachtaí den scoth curtha le chéile acu i gcónaí, ceolchoirmeacha éagsúla ina measc. Tá siad antógtha faoi thodhchaí na heagraíochta agus an todhchaí iontach a fheiceann siad d’Áras Mhic Reachtain. An rud is fearr ná gur féidir leo freastal ceart a dhéanamh ar an phobal Gaelach i dTuaisceart Bhéal Feirste.
INFHEISTÍOCHT £650,000
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Eanáir 2016
Tuaisceart Bhéal Feirste