CULTÚRLANN UÍ CHANÁIN.

Is le Gaeláras / Cultúrlann Uí Chanáin sraith fhoirgneamh. Taobh leis an seaneaglais agus an Manse nuachóirith, tá Teach na Scoile san áireamh acu. Is mian leo árasáin do mhic léinn a dhéanamh de sheanscoil Phreisbitéireach seo. Riarfaidh an foirgneamh nua ar 30 mac léinn Ollscoil Uladh ar chúrsa na Gaeilge a bheidh ar Choláiste Mhic Aoidh. Beidh a n-áiteanna cónaithe féin acu. Is é is mian a dhéanamh leis an tógra seo caidreamh a bhuanú le mic léinn na Gaeilge agus iad bheith mar chuid lárnach de shaol Chultúrlann Uí Chanáin. Mar thoradh air sin, cruthóidh An Chultúrlann deiseanna fostaíochta, taithí oibre agus cuirfear i dtuigse do mhic léinn an tábhacht a bhíonn le forbairt an phobail. Tá bearnaí go fóill ann leis an phacáiste maoiniú iomláine a tharraingt le chéile.

INFHEISTÍOCHT £2.5 MILLION

Tógraí Éagsúla

2015 & 2019

 Doire

en_USEnglish