CAIRDE TURAIS.
Tá Cairde Turas ag soláthar ranganna agus imeachtaí Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste le dhá bhliain déag mbliana anuas. Tá ard próifíl ag an tionscadal seo atá faoi stiúir Linda Ervine, agus é lonnaithe i Skianos in Oirthear Bhéal Feirste. Tá léas fada tugtha ag Misean Bhéal Feirste Thoir don tionscadal agus tá rudaí ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Bhí na ranganna ag fás leo, rang ceoil ina measc chomh maith le rang ar leith do pháistí agus do thuismitheoirí – le breis agus 200 duine ag freastal orthu, ba léir dóibh go raibh gá le níos mó spáis. Le dearadh nua, leagan amach níos fearr agus oibreacha beaga a rinneadh ar na mallaibh tá anois seomra ranga breise acu, chomh maith le spás sóisialta, limistéar leabharlainne, spás staidéir, spás oifige agus cistin bheag. Cuirfidh an tionscadal seo le cumas na bhfoghlaimeoirí teacht le chéile lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus pobal Gaeilge Oirthear Bhéal Feirste a fhorbairt.
INFHEISTÍOCHT £90,000
Cairde Turais
Meán Fómhair 2019
Oirthear Bhéal Feirste