GLÓR LÉIM AN MHADAIDH.

Is éard a bhí i gceist leis seo seanfhoirgnimh Halla Naomh Pádraig i lár Léim an Mhadaidh a cheannach agus a athchóiriú mar Chultúrlann sa bhaile ina mbeidh imeachtaí chun an Ghaeilge agus an chultúir a chur chun cinn. Baile nádúrtha do theaghlaigh áitiúla atá san áis nua seo, teaghlaigh a bhfuil baint acu le hearnáil na bunscolaíochta Gaeilge ar an bhaile agus tá an-tóir ar an áit i measc an phobail mhóir. I measc na nimeachtaí a bhíonn ar siúl ann tá ranganna Gaeilge agus seisiúin chomhrá, ranganna damhsa, ranganna sa cheol traidisiúnta, imeachtaí don óige, siamsaíocht ghinearálta agus imeachtaí don mhórphobal. Tá clú na bhféilte ceoil traidisiúnta ar Léim an Mhadhaidh agus d’éirigh go geal leis an ghrúpa go dtí seo féilte dheireadh seachtaine, idir bheag agus mhór, a reáchtáil.

INFHEISTÍOCHT £316,000

Glór Léim an Mhadaidh

Meán Fómhair 2019

Léim an Mhadaidh Co Doire

en_USEnglish