ÁRAS NA bhFÁL.
Suíomh atá ar thairseach na Ceathrún Gaeltachta ag crosbhealach Bóthar na bhFál agus An Bealach Leathan. Is le I na G anois an fhoirgneamh seo, Áras na bhFál, bhratlong iontach don Ghaeilge. Ionad gnó a bheas ann d'eagraíochtaí Gaeilge, ag cur spás oifige ar fáil do InaG, Comhairle na Gaelscolaíochta, TACA, Forbairt Feirste agus Conradh na Gaeilge. Beidh Comhairle na Gaelscolaíochta lonnaithe anseo Tá Áras na bhFál mar chuid thábhachtach de straitéis inbhuanaithe bailithe airgid ag InaG. Mar aon le hionad gnó, beidh an foirgneamh mar shócmhainn ag gluaiseacht na Gaelscolaíochta agus beidh teacht isteach reatha ann leis an chíos ó na tionóntaithe. Tá an tionscadal seo ag cur go mór le hathbheochan ceantair atá faoi mhíbhuntáiste ar dhóigh fhisiciúil agus eacnamaíoch tríd phoist a chruthú agus gnó sa cheantar a spreagadh. Chuir an tionscadal seo leis an chnuasach de thionscadail sa Cheathrú Gaeltachta.
INFHEISTÍOCHT £2.2 MILLION
Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Áras na bhFál
Samhain 2019
Béal Feirste Thiar Béal Feirste