AONACH MHACHA.
Cuideachta nuálach chomhaimseartha atá in Aonach Mhaca a bunaíodh le lárionad Gaeilge, cultúir agus ealaíon a thógáil i lár phríomhchathair ársa Chúige Uladh. Foirgneamh suntasach atá in Aonach Mhaca agus lonnaithe ar an chabhsa clúiteach sin a cheanglaíonn an tseanArdeaglais a bhunaigh Naomh Pádraig féin agus an Ardeaglais Chaitliceach. Cinnteoidh an athstáisiún dóiteáin an teanga agus an cultúr mar uirslí eacnamaíocha agus cothóidh sé pobal spreagtha Gaeilge; cuirfidh sé fostaíocht agus oiliúint ghairmiúil ar fáil do na Gaeil thart ar an chontae uilig agus cuirfidh sé dúshraith le tionscnaimh úra pobail agus sóisialta a éascú. Bhí cuid mhóir maoiniú sa bhréis de dhith as foinsí poiblí éagsúla leis na deachrachtaí nach raibh súil leo, a réitiú. Tionscadál pobail uilechuimsitheach é Aonach Mhaca a thabarfas le chéile gach rud atá dearfach fán Ghaeilge agus fán chultúr in Ard Mhaca.
INFHEISTÍOCHT £2 MILLION
Aonach Mhaca
Márta 2020
Ard Mhaca